NEWS ALL NEWS

Bóín agus Beach ag filleadh ar RTÉjr

D’éirigh go geal le Bóín agus Beach ina chéad séasúr in 2021, an seó a bhaineann leas as scéalta simplí le naíonáin a mhúineadh faoin mbithéagsúlacht, agus beidh sé ag filleadh ar RTÉjr i mí an Mhárta, leis an dara sraith.

Leanann an seó dhá chréatúr ar cairde is fearr iad, Bóín agus Beach, a chuireann fúthu sa Mhóinéar Fia: áit lán le heachtraí móra, spraoi mór agus cairdeas mór.

I ngach eagrán, déanann na carachtair a n-éiceachórais áitiúla a thaiscéaladh agus éiríonn siad mór leis na háitritheoirí a chónaíonn ann.

Tá an fhoireann aisteoirí ar ais don dara sraith leis na guthanna don reacaire, Bóín agus Beach déanta ag na réaltaí óga cumasacha – Róise Fields atá naoi mbliana d’aois, Hillary Daly deich mbliana d’aois agus Aaron Barashi atá trí bliana déag d’aois.

Amhail na carachtair tá na heagráin beag, ach seachadann gach aon cheann teachtaireacht láidir dár lucht féachana óg maidir leis an tábhacht a bhaineann le meas a bheith againn ar an dúlra, cairdis a chothú agus aird a thabhairt ar na rudaí beaga sa saol.

Bhí an-dúil ag na tuismitheoirí sa seó freisin, agus dúirt duine acu: “Ceapaim go mbainimse an sult céanna as Bóín agus Beach agus a bhaineann m’iníon. Is beochan ghleoite í le carachtair iontacha. Agus is athrú deas séimh é ó na seónna mórthaibhseacha callánacha a dhírítear ar naíonáin óga go minic.”

Rinne an Irish News an chéad sraith a léirmheas agus dúirt siad: “Más mian leat go mbeidh grá ag do naíonán nó do dhalta réamhscoile don dúlra agus an gá le bithéagsúlacht a thuiscint, tugann sraith dhaite bheochana RTÉjr Bóín agus Beach deis as cuimse duit.”

Paper Owl Films a chruthaigh Bóín agus Beach. Arsa an Stiúrthóir Cruthaitheach, Grainne McGuinness: “Tá lúcháir orainn Bóín agus Beach a thabhairt ar ais chuig scáileáin ár luchta féachana óg ar RTÉjr an t-earrach beag seo, mar go gcreidimid go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh go bhfoghlaimíonn an ghlúin seo faoin dúlra agus faoin ról atá aige sa domhan seo a gheobhaidh siad mar oidhreacht.  Tá súil againn go leanfaidh an bheochan dhaite agus na scéalta simplí laistigh den dara sraith orthu ag cur leanaí óga faoi dhraíocht mar aon lena múineadh maidir leis an mbithéagsúlacht.”

Dúirt Suzanne Kelly, Ceannasaí Ábhar do Pháistí agus do Dhaoine Óga in RTÉ: “Is sraith álainn í Bóín agus Beach, agus teachtaireacht ríthábhachtach á seachadadh aici, an tábhacht atá leis an mbithéagsúlacht, dár lucht féachana is óige.  Tá ríméad orainn an dara sraith de Bóín agus Beach a chur i láthair chun go bhféadfaidh chuile dhuine sult a bhaint as a gcuid eachtraí draíochta fós.”

Arsa Gillian Calvert Ridge, Stiúrthóir Seachadta Domhanda – Éadálacha & Forbairt ag Jetpack Distribution: “Spreagann Bóín agus Beach leanaí chun iontais an dúlra a aimsiú agus insíonn sé scéalta gleoite faoin domhan nádúrtha, faoi mar a fheiceann dhá dhlúthchara bheaga é. Tá cuma iontach ar an tsraith ghearrscannán seo ó thaobh na físe de agus ghlac craoltóirí go maith leis ar fud an domhain agus iad sa tóir ar ábhar lena gcuid sceideal a líonadh amach agus ardchaighdeán branda a chur ar fáil dá lucht féachana.”

Maidir le Owl Films:

Is foireann éagsúil de dhaoine cruthaitheacha iad Paper Owl Films, cruthaitheoirí Pablo agus Sol, a thugann ábhar suntasach do lucht féachana ar fud an domhain. Grainne McGuinness, Stephen Petticrew agus Gavin Halpin a bhunaigh Paper Owl Films Ltd in 2012, agus tá comharghrúpa tiomanta de scéalaithe, déantóirí scannáin, beochantóirí agus cruthaitheoirí fostaithe acu ina gcomharghrúpa beochana agus beo-aicsin. Tá saineolas ag Paper Owl ag léiriú ábhar do pháistí agus daoine fásta ar ardáin chraolta agus digiteacha. Baintear sult as a gcuid oibre ar fud an domhain ar chainéil mar CBeebies, RTÉjr., TG4, BBC, CBC, NBC Universal, Netflix agus ar ardáin digiteacha.

Maidir le RTÉJr:

Cainéal Éireannach atá tiomnaithe do pháistí is ea RTÉjr ar an teilifís ar an raidió agus ar líne. Is cuid den tairiscint shaorchraolta í an tseirbhís seo ón gcraoltóir seirbhís phoiblí RTÉ do dhaoine óga. Tá an tseirbhís go hiomlán saor ó fhógraí, agus í dírithe go príomha ar pháistí faoi 7 cé go mbeidh cuid den ábhar oiriúnach do pháistí níos sine.  Cuireann RTÉjr seirbhísí ar líne ar fáil freisin a thugann rochtain do leanaí ar ábhar bunúil siamsúil oideachasúil a léiríonn a saoil agus a dhéantar go heisiach dóibhsean.  Déanaimis cinnte gur am maith é am na scáileán.

ALL NEWS
11th September, 2023
Paper Owl Films – Uisce Uisce!
12th April, 2023
Paper Owl Films | Press Release – Nikhil & Jay
14th November, 2022
Happy the Hoglet Launches on RTÉjr and ITVBe
Contact...

PAPER OWL FILMS

CUNNINGHAM HOUSE,

429 HOLYWOOD ROAD,

BELFAST

BT4 2LN

Paper Owl Films does not accept or consider any unsolicited materials. Please only send artwork, designs, ideas, screenplays, treatments, formats, or other similar materials through a recognised agent.