NEWS ALL NEWS

Paper Owl Films – Uisce Uisce!

Tumfaidh páistí isteach in Uiscebhealaí na hÉireann sa tSraith Nua Ghaeilge seo

Beidh Paper Owl Films, an comhlacht léiriúcháin as Contae an Dúin taobh thiar den fheiniméan teilifíse domhanda PABLO, réidh le tabhairt faoin uisce le sraith nua atá dírithe ar pháistí a spreagadh le heolas a chur ar uiscebhealaí ina gceantar féin, sult a bhaint astu agus iad a chaomhnú.

Taispeánfar an chéad chlár de UISCE UISCE! ar chainéal nua TG4 Cúla4 agus ar BBC Gaeilge ar an BBC iPlayer an mhí seo. Sraith ar leith í seo a bhfuil sé mar aidhm léi léargas a thabhairt dúinn ar an tábhacht a bhaineann le lochanna, leis an bhfarraige agus leis na haibhneacha ar an oileán seo i dtaobh na fóillíochta, an chultúir agus na staire a léiriú – trí shúile na bpáistí.

Ó Chuan Bhaile Átha Cliath go hOileáin Árann, Leithinis an Daingin go Loch Bhéal Feirste, rinneadh an tsraith a scannánú ar fud oileán na hÉireann agus leanadh eachtraí leanaí atá ocht mbliana go 12 bhliain d’aois agus iad ag tabhairt faoi na bealaí uisce is gaire dóibh. I measc na ngníomhaíochtaí ardfhuinnimh lánghníomhartha a bhí ar siúl ag na páistí bhí surfáil, seoltóireacht, ag amharc ar dheilfeanna, tóraíocht taisce, tógáil raftaí agus ag léim ó chéanna. Chonaic siad siorcanna freisin a bhí tagtha gar dóibh fiú!

Pléitear an stair fosta agus na páistí ag fiosrú naisc teaghlaigh farraige chomh maith le himeachtaí áitiúla a mhúnlaigh an domhan. Le níos mó ná 3,000 ciliméadar de chósta, 13,500 ciliméadar de bhealaí abhann agus níos mó ná 12,000 loch, léirítear in UISCE UISCE! go bhfuil an saol ar a dtoil ag na páistí ar Oileán na hÉireann agus iad ag iarraidh spórt a bheith acu ar toinn agus ar tír.

Tá eolas maith ar Paper Owl Films cheana féin mar chomhlacht léiriúcháin tábhachtach i réimse idirnáisiúnta na scannán, agus tá sé ag teacht chun cinn fosta mar phríomhléiritheoir do chláir theilifíse Ghaeilge spreagúla nuálacha. Leanann UISCE UISCE! cláir eile a raibh an-tóir go deo orthu le deireanas amhail Happy the Hoglet, SOL agus Bóín agus Beach.

Dúirt Gavin Halpin, Stiúrthóir Bainistíochta an chomhlachta: “Tá Paper Owl Films thar a bheith mórtasach an tsraith nua spreagúil seo a sheoladh. Is cuid thábhachtach fós iad na seónna Gaeilge de na cláir a léiríonn muid. Pribhléid mhór a bhí ann dúinn ardán a thabhairt d’Éireannaigh óga ar fud an oileáin lena ngrá don uisce a roinnt, mar aon le háit a chur ar fáil dóibh chun an oiread spraoi agus is féidir a bheith acu!”

“Fuair mé amach go dtéann an ceangal atá agam leis an bhfarraige i bhfad siar go dtí mo sheanathair agus mo shin-seanathair agus ba mhaith liom an ceangal sin a choinneáil leis an bhfarraige”
(Séan – Contae Chiarraí).

“Is é an rud is fearr faoin tseoltóireacht gur féidir leat tabhairt fúithi is cuma cén aois atá agat. Tugann roinnt daoine fúithi agus iad sna 60idí, 70idí agus 80idí, ach is féidir tabhairt fúithi freisin ag 5 bliana d’aois”. (Méabh – Contae Bhaile Átha Cliath)

Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Daoine Óga, Cúla4, TG4

“Is iontach an deis é ardán a thabhairt do dhaoine óga na tíre ceiliúradh a dhéanamh ar na huiscí thart orthu. Tá sé soiléir go bhfuil na rannpháirtithe in UISCE UISCE! paiseanta faoi na farraigí, lochanna agus aibhneacha thart orthu agus tá sé go hálainn iad a fheiceáil i mbun spraoi”.

Karen Kirby, Feidhmeannach Coimisiúnaithe, BBC Gaeilge

“Deis iontach a bhí ann an tsraith seo a choimisiúnú do BBC iPlayer. Bhí lúcháir orm an deis a fháil an tsraith seo a choimisiúnú do BBC iPlayer. Tugann Uisce Uisce! seans do lucht féachana óg cloisteáil ó na daoine óga eile faoin tíreolaíocht, faoin stair agus faoin tábhacht a bhaineann leis na haibhneacha, na lochanna agus an fharraige atá thart orainn ar bhealach atá insroichte siamsúil. Tá súil againn go mbaineann siad uilig sult as amharc ar na páistí i mbun gníomhaíochta.”

Áine Walsh, Ceannasaí Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), Scáileán Thuaisceart Éireann

“Tá lúcháir orainn tacú le sraith chomh bríomhar fuinniúil seo. Is iontach an díograis a fheiceáil agus daoine óga ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí uisce-bhunaithe éagsúla ar fud na hÉireann, agus an paisean atá acu scileanna agus eolas nua a fhoghlaim. Táimid an-bhródúil go mbeidh an tsraith seo ar cheann de na chéad léiriúcháin a chraolfar ar an chainéal úr Cúla4 chomh maith le BBC Gaeilge, agus tá mé cinnte go mbeidh an lucht féachana sa bhaile chomh díograiseach céanna lenár bpáistí ar an scáileán faoi Uisce Uisce!

Paper Owl Films a léirigh UISCE UISCE! do TG4 agus BBC Gaeilge le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. Seolfar é ar chainéal úr Cúla4 de chuid TG4 ag 4.30pm ar 11/09/2023 le heagráin nua gach seachtain. Beidh gach eagrán de UISCE UISCE! ar fáil le hamharc air ar BBC Gaelige tríd an BBC iPlayer ón 13/09/2023.

 

Paper Owl Films Makes Big Splash with UISCE UISCE!

New Irish Language Series Takes Kids on Deep Dive of Ireland’s Waterways

Paper Owl Films, the County Down production company behind global TV phenomenon PABLO, is set to make waves with a new series aimed at encouraging children to explore, enjoy and conserve their local waterways.

UISCE UISCE! premieres this September on TG4’s new channel, Cúla4 and on BBC Gaeilge via the BBC iPlayer and is unique in its mission to showcase the recreational, cultural and historical significance of the island’s lough, sea and river-scapes – as seen through the eyes of children.

From Dublin Bay to the Aran Islands, Dingle Peninsula to Belfast Lough, the series is filmed across the island of Ireland and follows the adventures of eight to 12 year-olds as they navigate their nearest waterways. Surfing, sailing, dolphin spotting, treasure hunting, raft building and pier jumping are just some of the activities the children experience over 12 high-octane, action-packed episodes. There are even some close encounters with sharks!

History is also explored with the children investigating nautical family connections as well as local events that shaped the world. With over 3,000 kilometres of coastline, 13,500 kilometres of river channels and more than 12,000 lakes, UISCE UISCE! demonstrates that when it comes to kids having fun on the ocean wave, THE ISLAND OF Ireland really is their oyster.

Already established as a leading player on the international film scene, Paper Owl Films is also emerging as a foremost producer of exciting and innovative Irish language TV productions. UISCE UISCE! follows such recent hits as Happy the Hoglet, SOL and Bóín agus Beach.

Gavin Halpin, the company’s Managing Director, said: “It is a proud moment for Paper Owl Films to be launching this new exciting series. Irish language shows continue to be an important pillar of the shows we produce. Giving young Irish people from across the island a platform to share their love of water and how much craic can be had has been a real privilege!”

“I found out that going way back, I have a connection with the sea, with my granda and my great grandfather and I would like to keep that connection with the sea” (Séan – County Kerry).

“The great thing about sailing is that you can do it whatever your age. Some people do it in their 60’s, 70’s and 80’s, but you can also do it from the age of 5”. (Méabh – County Dublin)

Siobhán Ní Bhrádaigh, Young People’s Editor, Cúla4, TG4

“Is iontach an deis é ardán a thabhairt do dhaoine óga na tíre ceiliúradh a dhéanamh ar na huiscí thart orthú. Tá sé soiléar go bhfuil na rannpháirtithe in UISCE UISCE paiseanta faoi na farraigí, locha agus aibhneacha thart orthú agus tá sé go hálainn iad a fheiceáil i mbun spraoi”.

Karen Kirby, Comissioning Executive, BBC Gaeilge

“Deis iontach a bhí ann an tsraith seo a choimisiúnú do BBC iPlayer. I was delighted to have the opportunity to commission this series for BBC iPlayer. Uisce Uisce! gives young viewers a chance to hear from their peers about geography, history and the importance of the rivers, loughs and the ocean around us in such an accessible and entertaining way. We hope they all enjoy watching the children in action.”

Aine Walsh, Head of Irish Language Broadcast Fund (ILBF), Northern Ireland Screen

“We are delighted to support such a vibrant and energetic series.  It’s wonderful to see the enthusiasm with which young people are taking part in such a variety of water-based activities throughout Ireland, and indeed their passion for learning new skills and knowledge.  We are very proud that this series will be one of the first productions to air on the new Cúla 4 channel as well as on BBC Gaeilge, and I’m sure that the audience at home will be just as enthusiastic as our on-screen kids about Uisce Uisce!”.

UISCE UISCE! was produced by Paper Owl Films for TG4 and BBC Gaeilge and supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund. It will launch on TG4’s new Cúla4 channel at 4.30pm on 11/09/2023 with new episodes weekly. All episodes of UISCE UISCE! are available to watch on BBC Gaelige via the BBC iPlayer from 13/09/2023.

ALL NEWS
12th April, 2023
Paper Owl Films | Press Release – Nikhil & Jay
1st March, 2023
Bóín agus Beach ag filleadh ar RTÉjr
14th November, 2022
Happy the Hoglet Launches on RTÉjr and ITVBe
Contact...

PAPER OWL FILMS

CUNNINGHAM HOUSE,

429 HOLYWOOD ROAD,

BELFAST

BT4 2LN

Paper Owl Films does not accept or consider any unsolicited materials. Please only send artwork, designs, ideas, screenplays, treatments, formats, or other similar materials through a recognised agent.